Lá Fhéile Pádraig ar Scoil

Bhí lá spórt agus spraoi againn ar scoil de hAoine ag céiliúradh La Fhéile Pádraig agus gach rud gaelach.

Thosaigh an lá le tráth na gceist sa halla. Bhí ocht mbabhta agus ocht foirne againn le daltaí o naíonáin shóisearacha go rang a sé ar gach foireann. Bhí na ceisteanna deachair go leoir ach bhí na foirne go hiontach le scór ard acu go léir. Sa deireadh d’éirigh le foireann a haon agus thóg siad an duais.

Ar a dó dhéag a chlog bhailigh na ranganna sa chlós agus bhí paráid againn timpeall na scoile. Bhí cuid de na páistí ag imirt iománaíochta, cuid eile ag imirt peile agus cuid eile fós ag damhsa – sceitimíní áthas orthu go léir! Nuair a chríochnaigh an pharáid bhí sórt céilí againn le daltaí éagsúla ag seinm ceoil, ag canadh is ag damhsa.

D’aontaigh gach éinne gur lá iontach a bhí an.

Beannachtaí La Fhéile Pádraig oraibh go léir.